Lean Míocáia air: “Éist más ea le briathar an Tiarna. Chonaic mé an Tiarna ina shuí ina ríchathaoir; bhí slua neimhe go léir ina seasamh ina láthair ar a dheis agus ar a chlé.
Ach an ndéanfaidh Dia cónaí dáiríre i measc an chine dhaonna ar talamh? Mhuise ní féidir leis na flaithis féin ná lena bhflaithis siúd arís thú a choinneáil. Nach lúide mar sin is féidir leis an teach seo atá tógtha agamsa?
Seo mar a deir an Tiarna: Is iad na spéartha mo chathaoir ríoga agus an talamh stól mo chos! Cá bhfuil an teach a d'fhéadfadh sibh a thógáil dom? Cén áit a dhéanfadh cónaí dom?
An bhféadann aon duine é féin a fholach i gcúinne dorcha agus nach bhfeicfidh mise é? - an Tiarna a labhraíonn. Nach líonann mise neamh agus talamh? - an Tiarna a labhraíonn.
Óir, ó éirí go luí na gréine is mór é m'ainm i measc na náisiún agus i ngach áit dóitear íobairt do m'ainm - toirbhirt ghlan; mar is mór é m'ainm i measc na náisiún, a deir Tiarna na Slua.
Ach dúirt sé leo á bhfreagairt: “An bhfeiceann sibh iad sin uile? Deirim libh go fírinneach, ní fhágfar cloch ar mhuin cloiche anseo nach leagfar ar lár.”
Dúirt Íosa léi: “Creid uaimse é, a bhean go bhfuil an uain ag teacht nuair nach ar an gcnoc seo ná in Iarúsailéim a dhéanfaidh sibh an tAthair a adhradh.
An té a bheireann bua, tabharfaidh mé cead dó suí taobh liom i mo ríchathaoir, faoi mar a bhí an bua agamsa agus gur shuigh mé taobh le m'athair ina ríchathaoir.