is both Mholoch a rinne sibh a iompar agus réalt Reafas, bhur ndia; b'shin iad na híomhánna a rinne sibh le hadhradh agus díbreoidh mé sibh thar Bablóin soir.’ ”
Sa naoú bliain de réimeas Hóiséa ghabh rí na hAsaíre an tSamáir agus dhíbir sé na hIosraelaigh chun na hAsaíre. Chuir sé ina gcónaí iad i Hala agus ar an Hábór, abhainn de chuid Ghózán, agus i gcathracha na Méideach.
Thug rí na hAsaíre na hIosraelaigh leis go dtí an Asaír, agus chuir sé chun cónaithe iad i Halach ar an Hábór, abhainn de chuid Ghózán, agus i gcathracha na Méideach.
Chuir sé d'iallach ar a mhac gabháil trí thine. Chleacht sé fáistineoireacht agus draíocht agus thug sé isteach lucht asarlaíochta agus feasa. Rinne sé a lán eile oilc i bhfianaise an Tiarna á ghriogadh chun feirge.
Thóg siad áiteanna arda Bhál i nGleann Bhein Hionnom mar a dtugann siad ar a gclann mhac agus ar a n‑iníonacha dul tríd an tine do Mhoilic - rud nár ordaigh mise riamh, ní mó a tháinig i m'intinn go ndéanfaidís coireanna gránna mar iad - a thabhairt ar Iúdá peacú.’