Sin é an fear a bhí leis an bpobal san fhásach i gcuideachta an aingil a labhair leis ar Shliabh Shíonái, agus i gcuideachta ár sinsear, agus a fuair briathra beo le tabhairt dúinne.
ina dtrioblóidí go léir. Ní teachtaire ná aingeal ach é féin a scaoil saor iad. Le teann grá agus trua d'fhuascail sé féin iad; thóg sé suas agus d'iompair iad sna laethanta sin uile anallód.
“An Maois seo ar dhiúltaigh siad dó á rá: ‘Cé a cheap thusa i do cheann urra agus i do réiteoir orainn,’ sin é an fear a sheol Dia chucu ina cheann agus ina fhuascailteoir le cabhair an aingil a thaispeáin é féin dó ag an tor.
Cad chuige an dlí mar sin? Cuireadh leis an gconradh é toisc na gcionta nó go dtiocfadh an síol úd ar tugadh an gealltanas dó. Ordaíodh trí bhíthin aingeal é le cabhair idirghabhálaí.
Óir, tá briathar Dé beoúil bríomhar; is géire é ná aon chlaíomh dhá bhéal; téann sé isteach idir anam agus spiorad, idir smior agus smúsach agus tugann sé breith ar chlaonta agus ar smaointe an chroí.
Óir, cé gur chóir daoibh bheith in bhur múinteoirí faoin am seo, is amhlaidh atá gá agaibh le duine éigin chun bunfhírinní briathra Dé a mhúineadh daoibh arís. Ní bia scamhardach atá ag teastáil uaibh ach bainne.
Má labhraíonn duine, déanadh sé amhlaidh amhail is gur oracail ó Dhia a bhíonn á dtabhairt aige; má dhéanann duine friotháil, déanadh amhail is gur tríd an neart a bhronnann Dia é, ionas go dtabharfaí glóir do Dhia i ngach ní trí Íosa Críost dar dual glóir agus réimeas le saol na saol. Amen.