Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Gníomhartha 7:33

An Bíobla Naofa 1981

Ansin labhair an Tiarna leis: ‘Bain díot do chuaráin,’ ar seisean, ‘mar is talamh naofa an ball ina bhfuil tú i do sheasamh.

Féach an chaibidil Cóip

5 Tagairtí Cros  

“Ná tar níos gaire,” arsa [an Tiarna], “bain do bhróga de do chosa óir an ball ar a bhfuil tú i do sheasamh, is talamh naofa é.”

Ná bí luath chun cainte agus ná habair focal faoi dheifir i láthair Dé; óir tá Dia sna flaithis ach is ar talamh atá tusa. Mar sin de, bí ar bheagán focal.

Táimse do bhur mbaisteadh le huisce, i gcomhair na haithrí; ach an té atá ag teacht i mo dhiaidh is treise é ná mise, agus ní fiú mé a bhróga a bhaint de: baistfidh seisean sibh leis an Spiorad Naomh agus le tine.

D'fhreagair captaen arm an Tiarna Iósua: “Bain do chuaráin de do chosa, óir is naofa é an ball ar a bhfuil tú i do sheasamh.” Agus rinne Iósua rud air.

Chualamar an guth sin a tháinig anuas ó na flaithis mar bhíomar in éineacht leis ar an sliabh naofa.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí