“Agus cé a cheap thusa,” ar seisean leis, “i do thaoiseach agus i do bhreitheamh orainne? An mé a mharú a ba áil leat, mar a mharaigh tú an tÉigipteach?” Tháinig scanradh ar Mhaois: “Ní foláir,” ar sé leis féin, “nó go bhfuil an scéal úd amuigh orm.”
Agus sinne ag súil leis gurbh eisean a bhí chun Iosrael a fhuascailt! Ach chomh maith leis an méid sin uile, tá an treas lá inniu ann ó thit na nithe sin amach.
Nuair a chonaic sé éagóir á dhéanamh ar dhuine acu, chuaigh sé á chosaint, threascair sé an tÉigipteach agus bhain díoltas amach don té a ndearnadh éagóir air.