“Féach, fuair do shearbhónta fabhar i do láthair agus thaispeáin tú trócaire mhór dom nuair a shaor tú on mbás mé. Ach ní fhéadfainn teitheadh chun na gcnoc le heagla go mbéarfadh an anachain orm agus go gcaillfí mé.
“Agus cé a cheap thusa,” ar seisean leis, “i do thaoiseach agus i do bhreitheamh orainne? An mé a mharú a ba áil leat, mar a mharaigh tú an tÉigipteach?” Tháinig scanradh ar Mhaois: “Ní foláir,” ar sé leis féin, “nó go bhfuil an scéal úd amuigh orm.”
Bhí sé tar éis teacht isteach sa Teampall agus bhí sé ag teagasc nuair a tháinig uachtaráin na sagart agus seanóirí an phobail chuige agus dúirt siad: “Cén t‑údarás atá agat leis na nithe seo a dhéanamh, agus cé thug an t‑údarás sin duit?”
“An Maois seo ar dhiúltaigh siad dó á rá: ‘Cé a cheap thusa i do cheann urra agus i do réiteoir orainn,’ sin é an fear a sheol Dia chucu ina cheann agus ina fhuascailteoir le cabhair an aingil a thaispeáin é féin dó ag an tor.