Rinne Abrahám an margadh ar bhreith béil Eafrón, agus thomhais Abrahám d'Eafrón an tsuim airgid a luaigh sé i gcomhchlos chlann Héat, ceithre chéad seicil airgid is é sin, de réir an tomhais a chleacht na ceannaithe.
“Is coimhthíoch agus deoraí mé in bhur measc: tugaigí seilbh dom ar ionad adhlactha in bhur measc, go ndéanfaidh mé mo mharbh a adhlacadh ó amharc mo shúl.”
Óir thug a mhic é go tír Chanán agus rinneadar é a adhlacadh san uaimh san fhearann i Macpaelá, lastoir de Mhamrae, a cheannaigh Abrahám leis an bhfearann ó Eafrón an Hiteach le bheith aige mar ionad adhlactha.
Thug Maois cnámha Iósaef leis mar gur chuir seisean clann Iosrael faoi bhrí na mionn á rá: “Déanfaidh Dia sibh a fhiosrú, déanfaidh sin; agus ansin ní foláir daoibh mo chnámha a bhreith ón áit seo.”
Cnámha Iósaef a thug clann Iosrael aneas ón Éigipt leo, adhlacadh iad i Seicim, sa phaiste talún a cheannaigh Iacób ó chlann Hamór, athair Sheicim, ar chéad píosa airgid; rinne oidhreacht de chuid chlann Iósaef de.