Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Gníomhartha 7:11

An Bíobla Naofa 1981

Ansin tháinig gorta ar fud na hÉigipte agus ar fud Chanán. Lean cruatan mór é agus gan aon lón bia le fáil ag ár n‑aithreacha.

Féach an chaibidil Cóip

8 Tagairtí Cros  

Tháinig clann Iosraél dá réir sin, fara daoine eile a bhí ag déanamh an turais chéanna, chun arbhar a cheannach mar go raibh gorta i dtír Chanán.

Luigh an gorta an-dian ar an tír.

agus cothóidh mé ansiúd thú mar go bhfuil cúig bliana gorta le teacht fós, agus nach áil liom go luífeadh an ghannchúis ort féin ná ar do theaghlach ná ar do chuid.’

Leanadar ar aghaidh agus dúradar le Forann: “Thángamar chun cur fúinn tamall sa tír seo, mar níl aon fhéarach do thréada do shearbhóntaí mar tá an gorta go dian i dtír Chanán; agus anois impímid ort, lig do do shearbhóntaí fanacht tamall i dtír Ghoisin.”

Nuair a ghlaoigh sé gorta ar an tír sin, agus gur mhill sé an t‑arán ar fad orthu,




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí