Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Gníomhartha 6:9

An Bíobla Naofa 1981

Bhí daoine áirithe de chuid “Sionagóg na Saorfhear” mar a thugtaí uirthi - daoine ó Chuiréiné agus ó Chathair Alastair, ón tSiléis agus ón Áise, agus thosaigh siad ag argóint le Stiofán

Féach an chaibidil Cóip

27 Tagairtí Cros  

Seachnaígí sibh féin ar dhaoine, mar tabharfaidh siad ar láimh do na sainidríní sibh, agus sciúrsálfaidh siad ina sionagóga sibh,

Sin é an fáth, féach, a bhfuilim ag cur fáithe chugaibh, agus eagnaíoch, agus scríobhaithe; déanfaidh sibh cuid acu a mharú agus a chéasadh, cuid acu a sciúrsáil in bhur sionagóga agus tóir a chur orthu ó chathair go cathair,

Sa tslí amach dóibh, casadh fear Cuiréanach orthu arbh ainm dó Síomón; chuir siad d'fhiacha air seo a chros a iompar.

“Féachaigí chugaibh féin. Tabharfaidh siad ar láimh sibh do na sainidríní agus buailfidh siad sibh sna sionagóga; seasfaidh sibh i láthair gobharnóirí agus ríthe mar gheall ormsa, chun fianaise a thabhairt os a gcomhair.

Ach roimh an méid sin uile, leagfar lámh oraibh agus géarleanfar sibh, tabharfar ar láimh sibh do na sionagóga agus do na príosúin, seolfar i láthair ríthe agus gobharnóirí sibh mar gheall ar m'ainmse.

Ach bhí daoine áirithe orthu - Ciprigh agus Cuiréanaigh ba ea iad - agus nuair a bhain siad Aintíoch amach thosaigh siad ag caint leis na Gréagaigh chomh maith agus ag fógairt dea-scéal an Tiarna Íosa dóibh.

Bhí san Eaglais in Aintíoch na fáithe agus na múinteoirí seo a leanas: Barnabas, Simeon - Simeon Dubh mar a thugtaí air, Lúicías Cuiréanach, Manaéan a bhí ina chomhalta ag Héaród an rí cúige, agus Sól.

Nuair a chonaic na Giúdaigh na sluaite daoine, bhí siad lán d'fhormad agus bhréagnaigh siad go tarcaisniúil gach a raibh á rá ag Pól.

Thug siad dóibh an litir: “Beatha agus sláinte ó na bráithre idir aspail agus sheanóirí, chun na mbráithre de bhunadh págánach atá in Aintíoch agus sa tSír agus sa tSiléis.

Shiúil sé an tSír agus an tSiléis, ag treisiú leis na hEaglaisí.

Ghabh siad trí dhúiche Fhrigia agus Ghalaite ach ní ligfeadh an Spiorad Naomh dóibh an dea-scéal a fhógairt san Áise.

Tháinig go hEifeasas Giúdach darbh ainm Apollós. Alastraíneach ba ea é ó dhúchas, é dea-labhartha agus sároilte ar na scrioptúir.

Lean an scéal mar sin ar feadh dhá bhliain ar shlí nach raibh duine dár chónaigh san Áise, Giúdach ná Gréagach, nár chuala briathar an Tiarna.

Tá sé le feiceáil agus le cloisteáil agaibh féin, áfach, go bhfuil slua mór daoine iompaithe uainn lena chuid áitimh ag an bPól seo - agus ní in Eifeasas amháin é ach beagnach ar fud na hÁise ar fad - mar go mbíonn sé á rá nach déithe ar chor ar bith na déithe a dhéantar le lámha daonna.

Bhí an seacht lá chóir a bheith críochnaithe nuair a chonaic na Giúdaigh ón Áise sa Teampall é. Thóg siad callán i measc an tslua go léir agus ghreamaigh siad Pól

“Is Giúdach ó Tharsas na Siléise mé,” d'fhreagair Pól, “is saoránach de chathair nach suarach mé. Iarraim ort cead a thabhairt dom labhairt leis an slua.”

‘Ach, a Thiarna,’ arsa mise leis, ‘nach bhfuil a fhios acu go maith go mbímse ag dul ó shionagóg go sionagóg ag cur na ndaoine a chreideann ionatsa i bpríosún agus á sciúrsáil?

Lean sé air: “Is Giúdach mise a rugadh i dTarsas na Siléise; tógadh sa chathair seo mé i mo dhalta ag Gamailíéil. Fuair mé oiliúint bheacht i ndlí ár sinsear agus bhí mé chomh dúthrachtach chun Dé agus atá sibhse go léir inniu.

Léigh sé an litir agus d'fhiafraigh cén cúige arbh as dó; agus nuair a fuair sé fios gurbh as an tSiléis dó, dúirt sé:

Is i mbun an chúraim sin a bhí mé nuair a fuair siad sa Teampall mé. Bhí mé tar éis m'íonghlanta agus ní raibh slua ná callán ar bith ann.

Agus is minic a bhínn ó shionagóg go sionagóg á gcéasadh agus ag iarraidh a thabhairt orthu Dia a mhaslú. Bhí mé chomh mór sin ar buile chucu go dtéinn ar a dtóir fiú amháin go cathracha i gcéin.”

ach ní raibh ar a gcumas aon cheart a bhaint dá chuid eagna ná den Spiorad lenar labhair sé.

Cá bhfuil an t‑eagnaí? Cá bhfuil an fear léinn? Cá bhfuil aighneasóir na haoise seo? Nach bhfuil Dia tar éis díth céille a dhéanamh d'eagna an tsaoil?

Agus is go dúichí na Síre agus na Siléise a chuaigh mé ina dhiaidh sin.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí