Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Gníomhartha 6:13

An Bíobla Naofa 1981

Thug siad finnéithe bréige i láthair á rá: “Ní stadann an duine seo ach ag caint i gcoinne na háite naofa seo agus i gcoinne an dlí.

Féach an chaibidil Cóip

11 Tagairtí Cros  

agus ná tabhair suas mé a Dhia, do thoil m'eascairde. D'éirigh finnéithe falsa i m'éadan, agus lucht an fhoréigin.

Éiríonn finnéithe bréige i m'éadan do mo cheistiú ach mé aineolach.

ar Dhia dá dtugaim moladh as ucht a bhriathair. As Dia atá mo mhuinín gan eagla, Cad a fhéadfaidh fuil is feoil a dhéanamh dom?

Adhaltraigh iad uile, sorn lán tine, nach ngríosaíonn an báicéir a thuilleadh, ó fuintear an taos go dtí go n‑ardaíonn sé.

“Mar sin, nuair a fheicfidh sibh ‘urghráin úd an lomscriosta’ ar ar labhair Dainéil fáidh, agus é ina sheasamh san áit naofa - tuigeadh an té a léann -

Bhí uachtaráin na sagart agus an tsainidrín ar fad ag lorg fianaise bréige in aghaidh Íosa d'fhonn é bhású,

ag glao in ard a ngutha: “Cabhair, a fheara Iosrael. Seo é an duine úd a bhíonn gach aon bhall ag teagasc chách in aghaidh ár gcine agus in aghaidh an dlí agus in aghaidh na háite seo. Agus ní amháin sin ach rug sé Gréagaigh isteach sa Teampall leis agus sháraigh an áit naofa seo.”

Dúirt Pól mar chosaint air féin: “Níl coir ar bith déanta agam in aghaidh dlí na nGiúdach ná in aghaidh an Teampaill ná in aghaidh Chéasair.”

Faoi dheireadh chuir siad suas daoine áirithe chun a rá gur chuala siad é ag labhairt go maslaitheach faoi Mhaois agus faoi Dhia.

thiomáin amach as an gcathair é agus thosaigh siad ar ghabháil de chlocha air. D'fhág na finnéithe a mbrait ag cosa ógfhir darbh ainm Sól.

Ar ndóigh, má athraítear an tsagartacht caithfear an dlí a athrú chomh maith.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí