Níl arm dá ndearna gabha a mbeidh aon mhaith leis i do choinne. Duine ar bith a chuireann cúis dlí ort, casfaidh tú an t‑éitheach lena bhéal. Sin mar atá i ndán do shearbhóntaí an Tiarna; sin mar a sheasfaidh mé a gceart dóibh, briathar an Tiarna.
Déanfaidh mise díotsa balla cumhdaigh práis in aghaidh an phobail seo. Troidfidh siad leat, ach ní bhéarfaidh siad bua ort, óir tá mise leat chun cuidiú leat agus chun thú a shaoradh - an Tiarna a labhraíonn.
Ach nuair a labhróidh mé leat osclóidh mé do bhéal agus déarfaidh tú leo: ‘Mar seo a deir an Tiarna Dia.’ An duine a bhfuil fonn éisteachta air éisteadh sé, agus an duine nach bhfuil ná héisteadh sé, mar is ceannairceach an dream iad.”
Ach i dtaca liomsa de táimse lán de chumhacht (agus de spiorad an Tiarna) agus de cheart agus de mhisneach chun a choir a thaispeáint do Iacób agus a pheaca a léiriú do Iosrael.
Gluaisfidh sé roimhe amach le spiorad agus le cumhacht Éilias, chun croíthe na n‑aithreacha a iompú i leith na clainne, agus lucht na heasumhla chun eagna na bhfíréan, chun pobal a dhiongbhála a ullmhú don Tiarna.”
Bhí daoine áirithe de chuid “Sionagóg na Saorfhear” mar a thugtaí uirthi - daoine ó Chuiréiné agus ó Chathair Alastair, ón tSiléis agus ón Áise, agus thosaigh siad ag argóint le Stiofán
“Nach ceanndána an dream sibh agus nach stuacach atá bhur gcroí agus bhur gcluasa? Bíonn sibh ag cur in aghaidh an Spioraid Naoimh de shíor mar a dhéanadh bhur sinsir romhaibh.