San am atá thart nuair a bhí Sól ina rí orainn, is tusa a bhí mar thaoiseach ar Iosrael ina gcuid eachtraí go léir; agus dúirt an Tiarna leat: ‘Is tusa a bheidh i d'aoire ar mo phobal Iosrael, is tusa a bheidh mar thaoiseach ar Iosrael.’ ”
Mar seo a deir an Tiarna: ‘Ná téigí suas agus ná troidigí in aghaidh bhur mbráithre, pobal Iosrael. Filleadh gach duine ar a bhaile; an rud seo a tharla, is mise is cúis leis.’ ” (Agus d'éisteadar go léir le briathar an Tiarna, agus d'imíodar leo abhaile arís de réir bhriathar an Tiarna.)
D'fhan sé socair gan aon duine a dhaoradh; Nuair a cheileann sé a aghaidh, cé ar féidir dó é a fheiceáil?” Ach bíonn trócaire aige ar náisiún agus ar dhaoine,
An dual don phota dul a chonspóid leis an bpotaire, nó an próca le fear a dhealfa sa chré? An dual don chreafóg a rá le fear a múnlaithe: “Cad tá ar bun agat?” An bhfuil a shaothar chun a rá leis: “Níl lámha ar bith ort”?
Foilsím ón tús an deireadh a bheidh ann, foilsím riamh anall rudaí nár cuireadh i gcrích go fóill! Deirim: Déanfar mar a bheartaím agus gach is áil liom cuirfidh mé i gcrích.
Dá réir sin má thug Dia dóibhsean an tabhartas céanna a thug sé dúinne tar éis dúinn creidiúint sa Tiarna Íosa Críost, cérbh é mise go bhféadfainn bac a chur ar Dhia?”
Mhéadaigh ar an ngleo, agus d'éirigh roinnt scríobhaithe de chuid na bhFairisíneach agus thosaigh siad ag maíomh go colgach: “Ní fhaighimid aon locht ar an bhfear seo. Más ea féin gur labhair aingeal nó spiorad leis...”
“Nach ceanndána an dream sibh agus nach stuacach atá bhur gcroí agus bhur gcluasa? Bíonn sibh ag cur in aghaidh an Spioraid Naoimh de shíor mar a dhéanadh bhur sinsir romhaibh.