Tháinig Iúdás Gailíleach chun cinn ina dhiaidh sin, aimsir an daonáirimh, agus mheall sé slua ina dhiaidh. Ach cailleadh eisean chomh maith agus scaipeadh a lucht leanúna go léir.
Ach dúirt Íosa leis an uair sin: “Cuir do chlaíomh ar ais ina áit féin, óir gach duine a ghlacann an claíomh is leis an gclaíomh a thitfidh sé.
Bhí Peadar ina shuí amuigh, sa chúirt. Tháinig cailín aimsire chuige agus dúirt: “Bhí tusa freisin in éineacht le hÍosa an Gailíleach.”