“Fuaireamar an príosún go daingean faoi ghlas,” ar siad, “bhí gardaí ina seasamh ag na geataí ach ar oscailt na ngeataí dúinn, ní bhfuaireamar duine ar bith istigh.”
An té atá ar neamh, déanann sé gáire: déanann an Tiarna díol magaidh díobh.
Cuireann sé comhairle na gciníocha ó rath agus beartas na náisiún ar neamhní.
Ní sheasódh eagna ná tuiscint ná comhairle an fód in aghaidh an Tiarna.
Cé a labhraíonn agus go ndéantar beart dá réir, mura gceadaíonn an Tiarna é?
Mar sin, thóg siad suas clocha le caitheamh leis, ach d'fholaigh Íosa é féin agus d'imigh amach as an Teampall.
Ach i rith na hoíche d'oscail aingeal an Tiarna geataí an phríosúin agus lig amach iad, á rá leo
Ach nuair a shroich na feidhmeannaigh an príosún ní bhfuair siad ann iad, agus ar dhul ar ais dóibh, d'inis siad an scéal:
Nuair a chuala ceannfort an Teampaill agus na hardsagairt an scéal seo, ní fhéadfaidís a thuiscint cad a bhí tite amach dóibh.