Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Gníomhartha 5:15

An Bíobla Naofa 1981

sa tslí go mbíodh na hothair á dtabhairt amach ar na sráideanna acu agus á síneadh ar réleapacha agus ar shráideoga le súil, nuair a bheadh Peadar ag gabháil thar bráid, go luífeadh a scáil féin ar dhuine éigin acu.

Féach an chaibidil Cóip

8 Tagairtí Cros  

tráth maraithe, tráth leighis, tráth leagtha, tráth tógála,

agus bhí siad á iarraidh air a ligean dóibh fiú amháin a lámh a chur le scothóg a bhrait, agus oiread díobh agus a chuir, bhí siad iomlán.

mar dúirt sí léi féin: “Mura ndéanaim ach mo lámh a chur lena bhrat, beidh mé slán.”

agus thosaigh siad ag breith na ndaoine a bhí tinn ar a gcuid sráideog chun na háite ar chuala siad é bheith.

Nó murab é sin, creidigí mar gheall ar na hoibreacha féin. Amen, Amen, a deirim libh, an té a chreideann ionamsa, na hoibreacha a dhéanaimse, déanfaidh seisean iad chomh maith, agus déanfaidh sé oibreacha is mó ná iad; mar táimse ag dul chun an Athar.

Ní túisce a tharla sin ná tháinig chuige gach uile dhuine eile ar an oileán a raibh éagruas orthu agus leigheasadh iad.

Thagadh na sluaite freisin ó na bailte mórthimpeall Iarúsailéim, ag tabhairt othar leo agus daoine a bhíodh á gciapadh ag spioraid neamhghlana, agus leigheastaí gach duine acu.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí