Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Gníomhartha 4:8

An Bíobla Naofa 1981

Ansin d'fhreagair Peadar iad agus é lán den Spiorad Naomh: “A cheannairí an phobail,” ar seisean, “agus a sheanóirí,

Féach an chaibidil Cóip

11 Tagairtí Cros  

Agus tharla, nuair a chuala Eiliosaibeit beannachadh Mhuire, gur bhíog an naíonán ina broinn, agus líonadh Eiliosalbeit den Spiorad Naomh,

Ghlaoigh Pioláit uachtaráin na sagart agus na cinn urra agus an pobal le chéile

Ach bhí Sól - nó Pól is é sin - lán den Spiorad Naomh agus d'fhéach idir an dá shúil air:

agus líonadh iad go léir den Spiorad Naomh agus thosaigh siad ag labhairt i dteangacha difriúla de réir mar thug an Spiorad urlabhra dóibh.

Níor thúisce an phaidir sin ráite acu ná chrith an áit ina raibh siad cruinnithe; líonadh iad go léir den Spiorad Naomh agus thosaigh siad ag fógairt teachtaireacht Dé go teann dána.

Lá arna mhárach bhailigh ceannairí na nGiúdach agus na seanóirí agus na scríobhaithe le chéile in Iarúsailéim.

Chuir siad na haspail ina seasamh i lár baill agus rinne siad iad a cheistiú: “Cén chumhacht,” ar siad, “nó cén t‑ainm lena ndearna sibh an ní seo?”

Ach bhí seisean lán den Spiorad Naomh, agus, ag féachaint in airde chun na bhflaitheas dó, chonaic sé glóir Dé agus Íosa ina sheasamh ar dheis Dé.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí