Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Gníomhartha 4:34

An Bíobla Naofa 1981

Agus ní raibh duine ar bith acu ar an ngannchuid: iad siúd a raibh talamh nó tithe acu, dhíolaidís amach iad

Féach an chaibidil Cóip

14 Tagairtí Cros  

“Más áil leat bheith foirfe,” arsa Íosa leis, “imigh leat, díol amach a bhfuil agat agus tabhair do na boicht é agus beidh stór agat ar neamh: tar ansin agus lean mise.”

Dhearc Íosa air agus thug grá dó agus dúirt leis: “Tá aon ní amháin in easnamh ort fós; imigh leat, díol a bhfuil agat agus tabhair do na boicht é agus beidh stór agat ar neamh; tar ansin agus lean mise.”

Díolaigí a bhfuil agaibh agus déanaigí déirc; déanaigí daoibh féin sparáin nach gcaithfear le haois, stór do-ídithe sna flaithis mar nach dtagann an bithiúnach ina ghar agus nach mbíonn an leamhan á lot.

Agus deirim féin libh, déanaigí cairde daoibh féin leis an airgead mímhacánta, ionas, nuair a chlisfidh sé, go nglacfaidh siad isteach sibh sna bothanna síoraí.

Dúirt sé leo ansin: “Nuair a chuir mé uaim sibh gan sparán gan tiachóg gan cuaráin, an raibh easnamh ar bith oraibh?”

dhíolaidís a gcuid sealúchais agus a gcuid maoine agus roinnidís a luach ar chách de réir mar a bhíodh aon duine acu ar an gcaolchuid.

Dhíol sé an gort, rug leis an luach agus thug suas do na haspail é.

Níl ann ach ceist cothroime: an fuílleach atá agaibhse i láthair na huaire, coinneoidh sé riar a gcáis leo siúd: agus an fuílleach a bheidh acu sin coinneoidh sé riar bhur gcáis libhse ar ball, agus sa tslí sin beidh cothrom ann

Chuir an Tiarna bhur nDia a bheannacht ort i mbun do ghnothaí go léir; choimeád sé a shúil oraibh agus sibh ag gabháil tríd an bhfásach fairsing seo; bhí an Tiarna do Dhia in do choimhdeacht an daichead bliain sin; ní raibh aon ní riamh de dhíth ort.’

Sa tslí sin beidh meas ag na díchreidmhigh oraibh agus ní bheidh sibh ag brath ar dhuine ar bith.

agus stór a chur i dtaisce dóibh féin a bheidh ina bhun maith acu san am atá le teacht chun an bheatha úd a shealbhú atá ina beatha dáiríre.

Seo é fíorchleachtadh an chreidimh atá glan agus gan smál i láthair Dé agus an Athar: cuairt a thabhairt ar na dílleachtaí agus ar na baintreacha in am a ngátair agus gan ligean don saol thú féin a thruailliú.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí