Maidir libhse, bheartaigh sibh olc i m'aghaidh ach dheonaigh Dia é a chur chun tairbhe i dtreo go gcuirfeadh sé fuascailt a lán i gcrích, faoi mar atá déanta aige anois.
Thug Tiarna na Slua a mhionn air, á rá: “Cinnte! Díreach mar a thuar mé, is amhlaidh a thiocfaidh isteach. An rud a shocraigh mé, is é a chuirfear i gcrích:
An ea nár chuala tú? Fadó riamh a bhí sin leagtha amach agam; sna laethe anallód a bheartaigh mé é, anois tá sé á chur i gcrích agam. Ba é ba chinniúint duitse dúnbhailte a réabadh ina mollta conamair.
Foilsím ón tús an deireadh a bheidh ann, foilsím riamh anall rudaí nár cuireadh i gcrích go fóill! Deirim: Déanfar mar a bheartaím agus gach is áil liom cuirfidh mé i gcrích.
Iad siúd a deir: “Brostaíodh sé! Déanadh sé deifir lena ghníomh ionas go bhfeicfimid é; bearta Neach Naofa Iosrael, tagadh siad in aice linn agus cuirtear i gcrích iad, chun gurb eol dúinn iad.”
Ba thoil leis an Tiarna é a bhascadh le breoiteacht. Má thugann sé a anam in éiric an pheaca, feicfidh sé a shliocht, cuirfidh sé fad lena shaol, agus rachaidh toil an Tiarna chun cinn ina lámha.
Tá Mac an Duine ag imeacht, de réir mar atá scríofa mar gheall air, ach is mairg don duine úd trína mbraitear Mac an Duine. B'fhearr don duine sin nach mbéarfaí riamh é.”
Ar an gcuma sin is ea a thug Dia chun críche an rud úd a bhí réamhfhógartha aige trí bhéal na bhfáithe uile: nárbh fholáir dá Mheisias an pháis a fhulaingt.
Mar is i gCríost a roghnaíodh sinne inár n‑oidhrí agus a leagadh amach dúinn, de réir intinne an té úd a oibríonn gach ní de réir chomhairle a thola féin,
Mar an gcéanna, nuair ba mhian le Dia a thaispeáint ní ba shoiléire ná riamh do na daoine ar tugadh an gealltanas dóibh nach bhféadfadh athrú a theacht ar a chomhairle, thug sé mionn uaidh mar dhearbhú air.