“Tá Spiorad an Tiarna orm, mar gur choisric le hola mé. Chuir sé uaidh mé ag tabhairt an dea-scéil do na boicht, ag fógairt a scaoilte do bhránna agus aiseag a radhairc do dhaill; ag scaoileadh lucht géarbhroide saor;
an scéal faoi Íosa ó Nazarat: mar a choisric Dia é leis an Spiorad Naomh agus le cumhacht; mar a chuaigh sé timpeall na tíre ag déanamh na maitheasa agus ag leigheas gach duine a bhí faoi smacht an diabhail, mar go raibh Dia fairis.
Ansin shéid an seachtú haingeal a thrumpa. Agus b'shiúd guthaí tréana sna flaithis á rá: “I lámh ár dTiarna agus a Chríost a tharla tiarnas an domhain agus rialóidh sé ar feadh na síoraíochta.”
Agus chuala mé guth tréan sna flaithis á rá: “Anois tá slánú agus neart agus tiarnas ár nDé agus údarás a Chríost tagtha, óir teilgeadh anuas cúisitheoir ár mbráithre, an té a bhíodh á gcúisiú os comhair Dé de lá agus d'oíche.