Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Gníomhartha 4:21

An Bíobla Naofa 1981

Tar éis dóibh bagairt eile a dhéanamh orthu scaoil siad saor iad mar nach raibh aon dul acu ar iad a smachtú mar gheall ar an bpobal, de bhrí go raibh gach aon duine ag moladh Dé as an ní a bhí tite amach.

Féach an chaibidil Cóip

18 Tagairtí Cros  

Agus rinne na sluaite ionadh de nuair a chonaic siad caint ag balbháin, mairtínigh slán, siúl ag bacaigh agus radharc ag daill; agus thug siad glóir do Dhia Iosrael.

agus cé gurbh fhonn leo é a ghabháil, bhí eagla orthu roimh na sluaite, mar bhí meas fáidh acu sin air.

Dúirt siad, áfach: “Ní ar an bhféile é, le heagla go dtógfaí callán i measc an phobail.”

Agus nuair a bhí an deamhan caite amach as, tháinig a chaint don duine balbh, agus rinne na sluaite ionadh de agus dúirt siad: “Ní fhacthas a leithéid seo in Iosrael riamh.”

Nuair a chonaic na sluaite é, tháinig uamhan orthu agus thug siad glóir do Dhia a thug a leithéid sin d'údarás do dhaoine.

Agus las a eascairde uile le náire nuair a dúirt sé an méid sin, agus bhí an slua go léir lán d'áthas faoina raibh á dhéanamh aige de bhearta oirirce.

Agus b'fhonn leis na scríobhaithe agus le huachtaráin na sagart a lámha a leagan air an uair sin féin ach eagla an phobail a bheith orthu; óir bhí a fhios acu gur chucu féin a bhí sé nuair a labhair sé an parabal úd.

Ach má deirimid: ‘Ó dhaoine,’ gabhfaidh an pobal uile de chlocha orainn, óir is deimhin leo go raibh Eoin ina fháidh.”

Agus bhí uachtaráin na sagart agus na scríobhaithe ag féachaint conas a chuirfidís de dhroim na slí é, óir bhí eagla an phobail orthu.

Agus ghabh uafás iad uile, agus bhí siad ag tabhairt glóire do Dhia, agus líon siad d'uamhan agus deiridís: “Tá nithe iontacha feicthe againn inniu.”

Ach i dtreo nach leathfadh an scéal seo níos mó i measc an phobail, déanaimis bagairt orthu gan labhairt go deo arís faoin duine seo le neach ar bith.”

An fear ar tharla an mhíorúilt leighis seo dó, bhí sé os cionn daichead bliain d'aois.

ach ní leomhfadh duine ar bith eile dul i bpáirt leo. Mar sin féin bhí ardmholadh ag an ngnáthphobal orthu,

Ansin d'imigh an ceannfort agus a chuid giollaí agus thug siad leo iad, gan aon lámh láidir, áfach, mar bhí eagla orthu roimh an bpobal, go gclochfaidís iad.

chuir siad fios ar na haspail agus tar éis dóibh iad a sciúrsáil agus foláireamh a thabhairt dóibh gan labhairt in ainm Íosa, scaoil siad chun siúil iad.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí