Ach dúirt an Tiarna liom: “Ná habair, ‘Is leanbh mé.’ Téigh anois chuig gach duine chuig a gcuirfidh mise thú, agus cibé ní a ordóidh mise duit, déarfaidh tú é.
Deirinn: “Ní smaoineoidh mé air, ní labhróidh mise níos mó ina ainm.” Ansin chonacthas dom go raibh tine loiscneach i mo chroí, í dúnta istigh i mo chnámha. Tá mé tuirseach ó bheith ag iarraidh í a chosc. Ní fhéadaim é a fhulaingt.
Tá mé faoi chrá. Tá mé ag lúbarnaíl le pian. Á, ballaí mo chroí! - Tá mo chroí á shníomh. Ní fhéadaim gan labhairt, óir chuala mé fuaim an stoic agus dreasú an chatha.
Tá mé lán d'fhearg an Tiarna táim tuirseach de bheith á coinneáil istigh. “Doirt amach mar sin é ar na leanaí sa tsráid, agus ar oireachtas na n‑ógfhear in éineacht. Tógfar uile iad: an fear agus an bhean, an seanóir liath agus an té atá lán de laethanta.
Ach i dtaca liomsa de táimse lán de chumhacht (agus de spiorad an Tiarna) agus de cheart agus de mhisneach chun a choir a thaispeáint do Iacób agus a pheaca a léiriú do Iosrael.
D'fhreagair Balám Bálác: “Seo anseo anois agat mé! An bhfuil cead cainte ar bith agam leat anois? An focal a chuireann Dia i mo bhéal, sin é nach foláir dom a labhairt.”
Ach gheobhaidh sibh neart an Spioraid Naoimh atá le tuirlingt oraibh agus beidh sibh in bhur bhfinnéithe ormsa in Iarúsailéim agus ar fud Iúdáia go léir agus na Samáire agus a fhad le himeall an domhain.”
Nuair a tháinig Síleas agus Tiomóid anuas ón Macadóin chaith Pól a dhúthracht ar fad leis an tseanmóireacht, á chruthú do na Giúdaigh gurb é Íosa an Críost.