Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Gníomhartha 4:14

An Bíobla Naofa 1981

Ach ag breathnú dóibh ar an bhfear a leigheasadh agus é ina sheasamh láimh leo ní raibh aon fhreagra acu orthu.

Féach an chaibidil Cóip

7 Tagairtí Cros  

Níl ceist ar dhuine ar bith faoin méid sin. Ní mór daoibh, dá bhrí sin guaim a choinneáil oraibh féin agus gan aon ní meargánta a dhéanamh.

bíodh a fhios agaibhse go léir agus ag pobal Iosrael ar fad gur in ainm Íosa Críost Nazórach - an fear a chéas sibhse ar chrois ach ar thóg Dia ó mhairbh é - gur ina ainm sin atá an duine seo ina sheasamh os bhur gcomhair ina shláinte.

Nuair a chonaic siadsan a dhánacht a bhí Peadar agus Eoin agus nuair a thug siad faoi deara nach raibh iontu ach gháthdhaoine gan léann, bhí an dubhiontas orthu. D'aithin siad ansin gur chomrádaithe d'Íosa ba ea iad.

Mar sin de, d'ordaigh siad dóibh dul amach as halla na sainidríne agus chuaigh siad féin i gcomhairle le chéile.

“Cad a dhéanfaimid leis na daoine seo?” ar siad. “Tá míorúilt shuntasach déanta acu, rud is follas d'áitritheoirí Iarúsailéim ar fad, agus ní féidir dúinne é a shéanadh.

Tar éis dóibh bagairt eile a dhéanamh orthu scaoil siad saor iad mar nach raibh aon dul acu ar iad a smachtú mar gheall ar an bpobal, de bhrí go raibh gach aon duine ag moladh Dé as an ní a bhí tite amach.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí