Nuair a chonaic na sluaite cad a bhí déanta ag Pól, d'ardaigh siad a nglór, á rá i dteanga na Lucaóine: “Tá na déithe tagtha anuas inár measc i gcló daoine.”
“Cad a dhéanfaimid leis na daoine seo?” ar siad. “Tá míorúilt shuntasach déanta acu, rud is follas d'áitritheoirí Iarúsailéim ar fad, agus ní féidir dúinne é a shéanadh.
Tar éis dóibh bagairt eile a dhéanamh orthu scaoil siad saor iad mar nach raibh aon dul acu ar iad a smachtú mar gheall ar an bpobal, de bhrí go raibh gach aon duine ag moladh Dé as an ní a bhí tite amach.