Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Gníomhartha 3:7

An Bíobla Naofa 1981

Leis sin rug sé ar láimh dheas air agus thóg aníos é. Ar an mball tháinig lúth sna cosa agus sna hailt aige,

Féach an chaibidil Cóip

9 Tagairtí Cros  

Chuaigh sé anonn chuici, rug ar láimh uirthi agus thóg suas í. D'fhág an fiabhras í agus thosaigh sí ag freastal orthu.

Agus rug sé greim láimhe uirthi agus dúirt léi: “Talitá cúm” - focal a chiallaíonn: “A chailín bhig, deirim leat, éirigh!”

Ach rug Íosa ar láimh air agus thóg sé suas é, agus d'éirigh sé ina sheasamh.

agus chuir sé a lámha uirthi. Agus díríodh suas láithreach í, agus thosaigh sí ag tabhairt glóire do Dhia.

Ach dúirt Peadar leis: “Níl ór ná airgead agam, ach an ní atá agam bronnaim ort é: in ainm Íosa Críost an Nazórach, siúil.”

léim sé ina sheasamh agus chrom sé ar shiúl, agus isteach leis sa Teampall in éineacht leo, ag siúl agus ag léimneach agus ag moladh Dé.

“Cad a dhéanfaimid leis na daoine seo?” ar siad. “Tá míorúilt shuntasach déanta acu, rud is follas d'áitritheoirí Iarúsailéim ar fad, agus ní féidir dúinne é a shéanadh.

más mar gheall ar mhaith a dhéanamh do dhuine easlán atáimidne dár scrúdú inniu agus mar gheall ar an tslí inar leigheasadh é,

Shín Peadar a lámh chuici agus chuir ina seasamh í. Ansin ghlaoigh sé chuige an pobal naofa agus na baintreacha agus thug suas dóibh í go beo beathach.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí