D'fhreagair Íosa: “Dá mba eol duit tabhartas Dé,” ar sé léi, “agus cé hé a deir leat: ‘Tabhair dom deoch,’ is tusa a bheadh ag iarraidh airsean, agus thabharfadh sé duit uisce beo.”
Ach má olann aon duine an t‑uisce a thabharfaidh mise dó, ní bheidh tart air go brách na breithe. Ach an t‑uisce a thabharfaidh mise dó, déanfaidh tobar uisce de istigh ann, ag brúchtaíl chun na beathn síoraí.”
Ach thóg Dia ó na mairbh é agus d'fhuascail ó arraingeacha an bháis é, mar níorbh fhéidir go gcoinneodh an bás faoina smacht é. Mar is é a deir Dáiví faoi:
Bímis ag féachaint romhainn amach ar Íosa, ar cheannródaí ár gcreidimh, a thabharfaidh chun foirfeachta é. Ar son an aoibhnis a bhí leagtha amach dó d'fhulaing sé céasadh na croise mar rinne sé neamhní den mhasla sin, agus tá sé ina shuí anois ar an taobh deas de ríchathaoir Dé.
Ag seoladh mórán mac chun na glóire dó ba chuí don Té, ar dó agus ar tríd atá an uile ní ann, a gceannródaí ar bhóthar an tslánaithe a thabhairt chun foirfeachta le peannaidí.
Ach is feasach dúinn fós gur tháinig Mac Dé agus gur thug éirim dúinne le go n‑aithnímis an té atá fíor. Agus mairimid sa té atá fíor, is é sin ina Mhac Íosa Críost.
Agus dúirt sé liom: “Tá sé curtha i gcrích. Mise Alfa agus Óimige, an tús agus an deireadh. An té a bhfuil tart air tabharfaidh mé rud le hól dó in aisce ó thobar uisce na beatha.
Deir an Spiorad agus an nuachair: “Tar.” Agus an té a chloiseann, abradh sé: “Tar.” Agus an té a bhfuil tart air tagadh sé; agus an té a bhfuil dúil aige ann, bíodh uisce na beatha in aisce aige.