tógfaidh siad nathracha ina lámha, agus má ólann siad aon deoch mharfach, ní dhéanfaidh sí díobháil dóíbh; leagfaidh siad a lámha ar easláin, agus beidh siad ar fónamh.”
Féach, tá cumas tugtha agam daoibh chun satailt ar nathracha nimhe agus ar scairpe agus ar gach neart den namhaid, agus ní dhéanfaidh rud ar bith dochar daoibh.
Bhí coinne acu siúd go n‑atfadh sé nó go dtitfeadh sé marbh láithreach, ach tar éis dóibh bheith ag feitheamh agus ag faire ar feadh i bhfad agus gan aon ní as an tslí ag imeacht air, tháinig siad ar mhalairt aigne faoi agus dúirt gur dia a bhí ann.