Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Gníomhartha 28:4

An Bíobla Naofa 1981

Nuair a chonaic na hoileánaigh an phiast ag sileadh óna láimh dúirt siad lena chéile: “Is dúnmharfóir an fear sin, ní foláir; bíodh gur tháinig sé slán ón bhfarraige, níl an chinniúint ag leigean a anama leis.”

Féach an chaibidil Cóip

20 Tagairtí Cros  

Ba ghlice an nathair nimhe ná aon ainmhí allta dá ndearna an Tiarna Dia agus dúirt sí leis an mbean: “An ndúirt Dia libh gan ithe de thoradh aon chrainn sa ghairdín?”

An té ar a bhfuil fuil duine eile, beidh sé ina theifeach go bás; ná tabhair cabhair dó.

Óir féach, tá an Tiarna ag teacht as a áras amach chun a n‑urchóid a aifirt ar mhuintir an domhain go léir. Tá an talamh chun an fhuil a doirteadh air a aiseag, agus ní choinneoidh sé a chuid marbh faoi chlúdach níos mó.

Na hainmhithe allta, tabharfaidh siad glóir dom, na mic tíre agus na hulchabháin, óir beidh mé ag soláthar uisce san fhásach, aibhneacha sa dúiche fhiáin, chun tart mo phobail thofa a chosc.

An í seo an chathair lúcháireach a mhaireadh go slán sábháilte agus a deireadh ina croí istigh: “Táimse ann agus níl mo chomh-mhaith ar fáil”? Cad é mar a rinneadh fothrach di agus brocach beithíoch! Gach uile dhuine a ghabhann thairsti déanann siad faíreach agus bagraíonn siad a ndoirne.

chun go dtiocfadh anuas oraibh fuil uile na bhfíréan a doirteadh ar an talamh ó fhuil Áibil an fíréan go dtí fuil Zacháirias mac Bharáichias ar imir sibh bás air idir an sanctóir agus an altóir.

D'fhreagair an pobal ar fad: “Go raibh a chuid fola orainn féin agus ar ár gclann!”

Dúirt sé leo á bhfreagairt: “An é is dóigh libh, agus a rá gur fhulaing siad an méid sin, gur mhó de pheacaigh na Gailíligh sin ná na Gailíligh eile go léir?

Nó an t‑ocht nduine dhéag úd ar thit an túr orthu i Siolóam agus gur mharaigh iad, an dóigh libh gur mhó a bhí siad i bhfiacha ná an chuid eile d'áitritheoirí Iarúsailéim?

Ná tugaigí breith de réir mar a fheictear ach tugaigí breith chóir.”

Bhí na hoileánaigh thar a bheith cineálta linn; d'fháiltigh siad romhainn uile agus las siad tine chnámh dúinn mar bhí sé ag bagairt báistí agus é fuar.

Bhailigh Pól gabháil brosna agus nuair a chaith sé sa tine é léim nathair nimhe amach leis an teas agus ghreamaigh dá láimh.

Chroith Pól an phiast uaidh isteach sa tine gan díth ná dochar air.

Ach na meatacháin, agus na mídhílsigh, lucht na truaillitheachta, agus na dúnmharfóirí, agus lucht an adhaltranais, na hasarlaíochta agus an íoladhartha, agus lucht an éithigh go léir, is é atá i ndan dóibh, a bheith sa linn tine agus ruibhe. É sin an dara bás.”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí