Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Gníomhartha 28:20

An Bíobla Naofa 1981

Is é fáth gur iarr mé sibhse a fheiceáil agus labhairt libh de bhrí gur mar gheall ar dhóchas Iosrael atá an slabhra seo ormsa.”

Féach an chaibidil Cóip

18 Tagairtí Cros  

An briathar a tháinig go Irimia tar éis do Nabúzaradán, ceannaire an gharda, é a fhuascailt as Rámá; is amhlaidh a thóg seisean amach é agus é ceangailte i slabhra i measc na bpríosúnach as Iarúsailéim agus Iúdá a bhí á mbreith don Bhablóin.

Dá chomhartha sin tháinig mise anseo gan cheist gan doicheall an túisce a cuireadh fios orm. Ceist agam oraibh dá bhrí sin: cad uime ar chuir sibh fios orm, fiafraím díbh?”

Mar sin chuir mé fios ort láithreach bonn - agus ba mhaith uait teacht. Anois táimid go léir anseo i bhfianaise Dé chun éisteacht le gach ar ordaigh an Tiarna duit.”

Chuaigh an ceannasaí suas chuige agus ghabh é agus d'ordaigh é a cheangal le dhá shlabhra. D'fhiafraigh sé ansin cérbh é agus cad a bhí déanta aige.

Nuair a d'aithin Pól gur de bhuíon na Sadúcach cuid acu agus gur de bhuíon na bhFairisíneach an chuid eile dúirt sé sa tsainidrín in ard a ghutha: “A bhráithre, is Fairisíneach mise agus is de shliocht na bhFairisíneach mé. Is mar gheall ar an dóchas agus ar aiséirí na marbh atáim ar mo thriail anseo.”

Agus tá an dóchas céanna as Dia agam atá acu féin, is é sin go bhfuil aiséirí le bheith ag an dea-dhuine agus ag an drochdhuine araon.

“Cibé beag mór,” arsa Pól, “go dtuga Dia duit féin agus don uile dhuine atá ag éisteacht liom inniu go mbeidh sibh mar atáimse - ach gan na slabhraí seo a bheith oraibh.”

Trí lá ina dhiaidh sin ghlaoigh sé chuige cinn urra na nGiúdach agus nuair a bhí siad cruinnithe labhair sé leo: “A bhráithre,” ar seisean, “cé nach ndearna mé aon ní in aghaidh ár gcine ná in aghaidh béasa ár sinsear, cuireadh i ngéibheann mé in Iarúsailéim agus tugadh suas do na Rómhánaigh mé.

Sin é an fáth a bhfuilimse, Pól, agus mé i mo ghéibheannach ag Críost Íosa mar gheall oraibhse, gintlithe -

Táim ag impí oraibh, dá bhrí sin, agus mé i mo ghéibheannach ag an Tiarna, bhur saol a thabhairt go cuí de réir na gairme atá faighte agaibh

an dea-scéal a bhfuilimse i mo thoscaire air agus mé faoi ghlas féin; guígí go ndéanfaidh mé é a fhógairt chomh dána agus is cóir.

mar gur follas don gharda praetóireach ar fad agus do chách eile gur ar son Chríost atáimse i ngéibheann.

Beannacht oraibh faoi mo láimh féin - Pól. Ná déanaigí dearmad ar mo shlabhraí. Grásta go raibh agaibh.

ach is anois beag a foilsíodh é trí thaibhsiú ar slánaitheora Críost Íosa. Chuir seisean an bás ar neamhní agus thug chun solais an bheatha agus an neamhbhásmhaireacht trí bhíthin an dea-scéil.

Is mar gheall ar an dea-scéal sin atáimse ag fulaingt anró agus mé fiú amháin i ngéibheann ar nós an choirpigh. Níl aon ghéibheann ar bhriathar Dé, áfach.

tá achainí le hiarraidh agam ort ar son Onaesamas, ar son an mhic úd agam a ghineas i ngéibheann.

cé go mb'fhearr liom é a choimeád agam chun freastal orm thar do cheannsa, fad atáim i ngéibheann ar son an dea-scéil.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí