Bhí na hoileánaigh thar a bheith cineálta linn; d'fháiltigh siad romhainn uile agus las siad tine chnámh dúinn mar bhí sé ag bagairt báistí agus é fuar.
Dá bharrsan tháinig muintir Iúdá agus Bhiniáimin go léir le chéile in Iarúsailéim laistigh de thrí lá; ba é an naoú mí é, agus an fichiú lá den mhí. Chruinnigh an pobal go léir sa chearnóg os comhair Theampall an Tiarna. Bhí siad ar ballchrith de bharr na hócáide agus de bharr tulca báistí.
Ná bain díoltas amach; ná bíodh faltanas agat le clann do dhaoine muinteartha. Ní foláir duit grá a thabhairt do do chomharsa mar thú féin. Mise an Tiarna.
An deoraí a chuireann faoi faraibh, bíodh sé mar dhuine de bhur ndúchasaigh agaibh, agus bíodh grá agaibh dó mar atá daoibh féin; óir bhí sibh féin in bhur ndeoraithe i dtír na hÉigipte. Mise an Tiarna bhur nDia.
“Agus má thugann duine ar bith oiread is an cupán d'fhíoruisce do dhuine den mhuintir bheag seo, as ucht gur deisceabal é, ní bheidh sé gan a thuarastal a fháil.”
Bhí na seirbhísigh agus na póilíní tar éis tine ghualaigh a chur síos mar bhí sé fuar, agus bhí siad ina seasamh á ngoradh féin. Bhí Peadar comh maith ina sheasamh in éineacht leo, á ghoradh féin.
Nuair a chonaic na hoileánaigh an phiast ag sileadh óna láimh dúirt siad lena chéile: “Is dúnmharfóir an fear sin, ní foláir; bíodh gur tháinig sé slán ón bhfarraige, níl an chinniúint ag leigean a anama leis.”
An duine a itheann, ná bíodh drochmheas aige ar an duine nach n‑itheann; agus an duine nach n‑itheann, ná bíodh sé ag tabhairt breithe ar an duine a itheann, mar go bhfuil glactha ag Dia leis siúd.
Go deimhin an té atá gan timpeallghearradh na colainne, má chomhlíonann sé an dlí tabharfaidh sé daorbhreith ortsa a bhíonn ag sárú an dlí d'ainneoin cód scríofa agus timpeallghearradh a bheith agat.
Ní Giúdach ná Gréagach atá ann feasta, duine timpeallghearrtha ná duine gan timpeallghearradh, barbarach ná Scíotach, saor ná daor ach Críost amháin - Críost an Uile agus é san uile ní.