Lá arna mhárach, d'fhonn a fháil amach cad é go cruinn a bhí á chur ina leith ag na Giúdaigh, scaoil sé é agus chuir fios ar na hardsagairt agus ar an tsainidrín ar fad. Ansin thug sé Pól anuas agus chuir ina sheasamh os a gcomhair é.
Nuair a sméid an gobharnóir ar Phól chun labhartha, d'fhreagair sé: “Ós eol dom go bhfuil tusa i do bhreitheamh ar an náisiún seo leis na blianta fada, táim lánsásta mo cheart a phlé.
Bhí eolas mós cruinn ag Féilix ar an mBealach agus chuir sé ar cairde iad, á rá: “Nuair a thiocfaidh Lisias an ceannasaí anuas, tabharfaidh mé breith ar bhur gcás.”