Óir faoi chionn seacht lá seolfaidh mé uiscí ar talamh ar feadh daichead lá agus daichead oíche; agus scriosfaidh mé gach dúil bheo dá ndearna de chlár na talún.”
Bhí sé ina scéal reatha dá bhrí sin i measc na mbráithre nach bhfaigheadh an deisceabal sin bás. Ach níor dhúirt Íosa leis: “Ní bhfaighidh sé bás”; ach: “Más mian liom é a fhanacht go dtaga mé, cad é sin duitse?”
Nuair a chuala na bráithre ansiúd fúinn tháinig siad amach inár n‑airicis go dtí Fóram Aipias agus na Trí Tábhairní. Agus nuair a chonaic Pól iad, ghabh sé buíochas le Dia agus mhúscail a mhisneach.
Dúirt siadsan leis: “Ní bhfuaireamarna litir ar bith i do thaobh ó Iúdáia, ná níor thug aon neach dár mbráithre a tháinig an treo drochscéal ná drochthuairisc chugainn mar gheall ort.
Dá bhrí sin, a bhráithre, déanaigí seachtar fear creidiúnach agaibh féin a thoghadh, fir a bheidh lán den Spiorad agus den eagna, go gcuirfimis i mbun an chúraim seo.
Ní áil liom, a bhráithre, gan a fhios a bheith agaibh gur minic a chuir mé romham dul ar cuairt chugaibh le súil go mbainfinn fómhar in bhur meascsa chomh maith, mar a bhain mé i measc na ngintlithe eile, ach gur cuireadh bac orm go dtí seo.