Chuamar i dtír i Suracús agus thugamar trí lá ann.
Leanamar dár dturas ón Tuír nó gur thángamar go Ptolamaís. Bheannaíomar do na bráithre agus d'fhanamar acu aon lá amháin.
Chuamar ar bord loinge in Adraimitiam, long a bhí ag triall ar chalafoirt feadh chósta na hÁise, agus chuireamar chun farraige. Bhí Arastarchos, Macadónach ó Theasaloinicé, in éineacht linn.
Tar éis trí mhí ghluaiseamar chun siúil i long Alastraíneach a raibh an geimhreadh caite san oileán aici agus í faoi mheirge na Díse.
Rinneamar timpeall as sin go Réigió. An lá dár gcionn d'éirigh an ghaoth aneas agus i gcionn dhá lá bhaineamar amach Poiteolí.