Gníomhartha 28:11An Bíobla Naofa 1981Tar éis trí mhí ghluaiseamar chun siúil i long Alastraíneach a raibh an geimhreadh caite san oileán aici agus í faoi mheirge na Díse. Féach an chaibidil |
Tháinig scanradh a n‑anama ar an bhfoireann agus d'impigh gach duine díobh os ard ar a dhia féin cabhrú leo; agus, chun an long a éadromú dóibh féin, theilg siad amach san fharraige a raibh ar bord. Idir an dá linn, áfach, bhí Ióna tar éis dul síos i mbroinn na loinge agus bhí sé ina luí ansin agus é ina shámhchodladh.