Agus mhol an máistir an maor mímhacánta mar go ndearna sé go géarchúiseach é; óir bíonn clann an tsaoil seo níos géarchúisí lena leithéidí féin ná clann an tsolais.
Agus rinne sé sciúirse de théada agus thiomáin sé iad go léir amach as an sanctóir, na caoirigh agus na ba chomh maith; scaip sé airgead an lucht mhalartaithe agus leag sé na boird,
Le breacadh an lae d'iarr Pól orthu go léir bia a chaitheamh. “Tá sibh ar bior le ceithre lá dhéag anois ar troscadh gan greim bia a chaitheamh,” ar seisean.