Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Gníomhartha 27:30

An Bíobla Naofa 1981

Bhí na mairnéalaigh ag faire ar theitheadh as an long agus scaoil siad an bád isteach san fharraige mar dhea go raibh siad chun ancairí a ligean amach as tosach na loinge.

Féach an chaibidil Cóip

5 Tagairtí Cros  

Ritheamar faoi scáth oileáin bhig darbh ainm Cauda agus d'éirigh linn bád na loinge a fheistiú ar éigean.

Nuair a tháinig an ceathrú hoíche dhéag bhíomar fós ag imeacht le gaoth sa Mhuir Aidriad, ach faoi lár na hoíche bhraith na mairnéalaigh go raibh talamh ag druidim leo.

Agus ar eagla go gcaithfí ar na carraigeacha sinn chuir siad ceithre ancaire amach as deireadh na loinge agus iad ag guí go ngealfadh an lá.

Labhair Pól leis an taoiseach céad agus leis na saighdiúirí: “Mura bhfanann siadsan ar bord,” ar seisean, “ní féidir daoibhse teacht slán.”

Ansin ghearr na saighdiúirí téada an bháid agus lig di titim isteach san fharraige.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí