Nuair a tháinig an ceathrú hoíche dhéag bhíomar fós ag imeacht le gaoth sa Mhuir Aidriad, ach faoi lár na hoíche bhraith na mairnéalaigh go raibh talamh ag druidim leo.
Tháinig an captaen chuige agus lig sé béic air: “Hóigh! An i do chodladh atá tú! Éirigh aniar agus glaoigh ar do dhia! B'fhéidir go gcuimhneoidh an dia seo agatsa orainne agus nach gcaillfear sinn.”
Nuair a thomhais siad an doimhneas fuair siad go raibh sé fiche feá; agus nuair a thomhais siad arís tar éis tamaill bhig eile ní raibh sé ach a cúig déag.
Bhí na mairnéalaigh ag faire ar theitheadh as an long agus scaoil siad an bád isteach san fharraige mar dhea go raibh siad chun ancairí a ligean amach as tosach na loinge.
Óir in aon uair amháin scriosadh an saibhreas sin uile.” Agus gach captaen farraige, agus cách a sheolann ar muir, agus mairnéalaigh, agus an dream a shaothraíonn a mbeatha ar farraige, sheas siad i bhfad amach