Thóg siad ar bord é agus bhain feidhm as áiseanna chun an long a fháscadh, agus ar eagla go rithfidís isteach sa Sirtis, lig siad anuas na seolta agus d'imigh le sruth ar an gcuma sin.
Nuair a tháinig an ceathrú hoíche dhéag bhíomar fós ag imeacht le gaoth sa Mhuir Aidriad, ach faoi lár na hoíche bhraith na mairnéalaigh go raibh talamh ag druidim leo.