Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Gníomhartha 27:18

An Bíobla Naofa 1981

An lá dár gcionn bhí an stoirm dár ngreadadh go dona agus thosaigh siad ag caitheamh an lasta thar bord

Féach an chaibidil Cóip

9 Tagairtí Cros  

Bhí siad ag tuisliú is ag titim amhail lucht meisce, mar dhaoine a bhí i mbarr a gcéille.

Tháinig scanradh a n‑anama ar an bhfoireann agus d'impigh gach duine díobh os ard ar a dhia féin cabhrú leo; agus, chun an long a éadromú dóibh féin, theilg siad amach san fharraige a raibh ar bord. Idir an dá linn, áfach, bhí Ióna tar éis dul síos i mbroinn na loinge agus bhí sé ina luí ansin agus é ina shámhchodladh.

Óir cá fearrde duine go ngnóthódh sé an domhan go léir dá ligfeadh sé a anam féin ar ceal? Nó cad a d'fhéadfadh duine a thabhairt mar mhalairt ar a anam?

Óir is mó le rá an bheatha ná an bia agus an corp ná an t‑éadach.

Agus mhol an máistir an maor mímhacánta mar go ndearna sé go géarchúiseach é; óir bíonn clann an tsaoil seo níos géarchúisí lena leithéidí féin ná clann an tsolais.

agus an lá ina dhiaidh sin theilg siad trealamh na loinge amach lena lámha féin.

Nuair a bhí a ndóthain ite acu, thosaigh siad ag caitheamh an arbhair isteach san fharraige d'fhonn an long a éadromú.

Ar an ábhar sin, ós rud é go bhfuil slua chomh mór sin d'fhinnéithe thart timpeall orainn mar scamall, caithimis uainn gach ualach mar aon leis an bpeaca sin a ghreamaíonn dínn agus rithimis go buanseasmhach an rás atá leagtha amach dúinn.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí