Thóg siad ar bord é agus bhain feidhm as áiseanna chun an long a fháscadh, agus ar eagla go rithfidís isteach sa Sirtis, lig siad anuas na seolta agus d'imigh le sruth ar an gcuma sin.
Más ea, scaoil siad leis na hancairí agus d'fhág iad san fharraige; lena linn sin bhog siad ceangail na stiúrach, chroch an seol mór chun na gaoithe agus thug aghaidh ar an trá.
Ach tharla siad ar oitir ghainimh agus chuaigh an long i dtalamh ann. Chuaigh a tosach i bhfostó go docht agus d'fhan ann gan corraí aisti fad a bhí a deireadh á réabadh ina smidiríní le fórsa na dtonnta.