Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Gníomhartha 27:15

An Bíobla Naofa 1981

Nuair a rugadh ar an long agus nárbh fhéidir a ceann a choinneáil le gaoth, ghéilleamar agus d'imíomar le sruth.

Féach an chaibidil Cóip

4 Tagairtí Cros  

Ach níorbh fhada gur éirigh anfa gaoithe - an ghaoth anoir aduaidh mar a ghlaotar uirthi - agus í ag séideadh ón talamh.

Ritheamar faoi scáth oileáin bhig darbh ainm Cauda agus d'éirigh linn bád na loinge a fheistiú ar éigean.

Nuair a tháinig an ceathrú hoíche dhéag bhíomar fós ag imeacht le gaoth sa Mhuir Aidriad, ach faoi lár na hoíche bhraith na mairnéalaigh go raibh talamh ag druidim leo.

Tóg na báid féin, dá mhéid iad, agus fiú má bhíonn siad á séideadh ag na gálaí, déantar iad a stiúradh le stiúir bhídeach cibé áit is mian leis an bpíolóta de réir mar bhuaileann an fonn é.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí