Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Gníomhartha 27:12

An Bíobla Naofa 1981

Agus toisc nach raibh an cuan oiriúnach chun an geimhreadh a chaitheamh ann, mhol a bhformhór dul chun farraige ón áit, le súil go bhféadfaidís Féinix a shroichint agus an geimhreadh a chaitheamh ann - cuan de chuid na Créite a bhfuil a aghaidh siar ó dheas agus siar ó thuaidh.

Féach an chaibidil Cóip

8 Tagairtí Cros  

Ghabh áthas iad as ucht an chiúnais; agus sheol sé iad sa chuan ba mhian leo.

idir Ghiúdaigh agus iompaithigh, Créitigh agus Arabaigh, agus cloisimid iad seo ag cur síos inár dteangacha féin ar éachtaí Dé.”

Nuair a d'éirigh gaoth bhog aneas, mheas siad go raibh rite leo; thóg siad an t‑ancaire agus chun bealaigh leo cois cósta na Créite.

Faoin am seo bhí siad tamall fada gan bia a chaitheamh agus d'éirigh Pól ina lár agus dúirt: “Dá mb'áil libh mo chomhairlese a ghlacadh, a fheara, agus gan corraí as an gCréit, ní tharlódh an dochar ná an díobháil seo daoibh.

Ba bheag an siúl a bhí fúinn ar feadh mórán laethanta, agus ba é ár ndícheall é Cníodos a bhaint amach agus nuair nach ligfeadh an ghaoth dúinn dul ar aghaidh, sheolamar linn faoi thaobh na fothana den Chréit amach ó Shalmóiné;

ag coinneáil go dlúth leis an gcósta dúinn, agus ba le dua é, bhaineamar áit amach darbh ainm na Cuanta Áille, áit atá i ngar do chathair Lasáia.

Is é a dúirt duine acu féin, teanga labhartha dá gcuid: “Ní raibh sna Créitigh riamh ach lucht éithigh agus brúideanna mallaithe agus craosairí díomhaoine.”

Is é fáth ar fhág mé i gCréit thú, go gcuirfeá ord agus eagar ar an obair a bhí fós le déanamh agus go gceapfá seanóirí i ngach baile de réir na dtreoracha a thug mé duit:




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí