Gníomhartha 26:6An Bíobla Naofa 1981Agus is mar gheall ar an dóchas atá agam leis an ngealltanas a thug Dia dár sinsir atáim ar mo thriail anseo anois. Féach an chaibidil |
Nuair a d'aithin Pól gur de bhuíon na Sadúcach cuid acu agus gur de bhuíon na bhFairisíneach an chuid eile dúirt sé sa tsainidrín in ard a ghutha: “A bhráithre, is Fairisíneach mise agus is de shliocht na bhFairisíneach mé. Is mar gheall ar an dóchas agus ar aiséirí na marbh atáim ar mo thriail anseo.”