Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Gníomhartha 26:24

An Bíobla Naofa 1981

Bhí Pól á chosaint féin mar sin nuair a dúirt Féastas in ard a ghutha: “Tá tú as do mheabhair, a Phóil! An iomad den léann atá do do thiomáint as do mheabhair.”

Féach an chaibidil Cóip

19 Tagairtí Cros  

Ansin tháinig Iéahú amach go hoifigigh a mháistir. “An bhfuil gach ní ina cheart?” d'fhiafraigh siad de. “Cad a thug an ghealt seo chugat?” “Tá aithne agaibh air siúd agus tá a fhios agaibh cad deir sé,” ar sé.

“Rinne an Tiarna sagart díotsa mar chomharba Iahoideá chun riail a choinneáil i dTeampall an Tiarna; i gcás an duine atá ar mire agus a dhéanann fáidh de féin is é do dhualgas é siúd a chur sna ceapa agus i gcoiléar iarainn.

Tá laethanta an smachtaithe ag teacht, seo chugainn laethanta an chúitimh. Go raibh a fhios sin ag Iosrael! “Amadán is ea an fáidh”, a deir siad, “is ag rámhaille a bhíonn fear an spioraid.” Cinnte, ach is de dheasca bhur n‑urchóide, agus bhur bhfuatha dom é.

Agus nuair a fuair a mhuintir scéala air, ghabh siad amach d'fhonn breith air, mar bhí siad ag rá: “As a mheabhair atá sé.”

Tháinig ionadh, dá bhrí sin, ar na Giúdaigh agus dúirt siad: “Cén chaoi a bhfuil léann aige agus nach bhfuair sé foghlaim?”

D'fhreagair na Giúdaigh agus dúirt siad leis: “Nach bhfuil an ceart againn nuair a deirimid gur Samárach thú agus go bhfuil deamhan ionat?” D'fhreagair Íosa:

Dúirt na Giúdaigh leis: “Tá a fhios againn anois go bhfuil deamhan ionat. Tá Abrahám marbh agus na fáithe agus deir tusa: ‘Má choinníonn aon duine mo bhriatharsa, ní bhlaisfidh sé bás choíche.’

Nuair a chuala siad Pól ag trácht ar aiséirí ó mhairbh, thosaigh cuid acu ag magadh faoi. Is é a dúirt cuid eile acu, áfach: “Cloisfimid a thuilleadh faoi seo uait lá éigin eile.”

“A bhráithre agus a aithreacha, éistigí lena bhfuil le rá agam chun mo chosanta.”

Ach nuair a thosaigh Pól ag trácht ar an bhfíréantacht agus ar an ngeanmnaíocht agus ar an mbreithiúnas atá le teacht, bhuail scanradh Féilix agus dúirt sé: “Imigh leat don dul seo, nuair a bheidh caoi agam, cuirfidh mé fios arís ort.”

Nuair a bhí dhá bhliain imithe thart thóg Poircias Féastas áit Fhéilix, agus d'fhonn fabhar na nGiúdach a tharraingt air féin, d'fhág Féilix Pól i bpríosún.

Agus is minic a bhínn ó shionagóg go sionagóg á gcéasadh agus ag iarraidh a thabhairt orthu Dia a mhaslú. Bhí mé chomh mór sin ar buile chucu go dtéinn ar a dtóir fiú amháin go cathracha i gcéin.”

ach níl againne á fhógairt ach Críost a céasadh. Col a ghlacann na Giúdaigh leis sin agus is díth céille é dar leis na gintlithe;

Is amadáin sinne ar son Chríost fad atá sibhse stuama i gCríost. Táimidne lag agus tá sibhse láidir; tá sibhse faoi mheas agus tá drochmheas orainne.

Má táimid as ár meabhair, is ar son Dé é; má táimid inár gciall is ar mhaithe libhse é.

agus tuigeann tú chomh maith go raibh eolas agat ó aois na hóige ar na scríbhinní naofa a bhfuil de chumas acu tú a dhéanamh eagnaí agus tú a sheoladh chun do shlánaithe trí chreideamh i gCríost Íosa.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí