“Is maith an bhail orm dar liom, a rí Aigripe, gur i do láthairse atáim do mo chosaint féin inniu ar a bhfuil de chionta á gcur i mo leith ag na Giúdaigh,
Ach nuair a bheidh sibh ar láimh, ná bígí ag fiafraí conas a labhróidh sibh nó go himníoch cad a déarfaidh sibh. Tabharfar daoibh, an uair sin féin, an rud a bheidh le rá agaibh,
Nuair a thabharfar sibh i láthair na sionagóg agus na ngiúistísí agus an lucht údaráis, ná bígí go himníoch ag fiafraí conas bhur gcúis a phlé, ná cad a déarfaidh sibh;
Ach roimh an méid sin uile, leagfar lámh oraibh agus géarleanfar sibh, tabharfar ar láimh sibh do na sionagóga agus do na príosúin, seolfar i láthair ríthe agus gobharnóirí sibh mar gheall ar m'ainmse.
Níl aon ní dearfa agam, áfach, le scríobh mar gheall air chun mo thiarna. Sin é an fáth ar thug mé chugaibh é - agus chugatsa go háirithe a rí Aigripe - i dtreo nuair a bheidh an fiosrú seo déanta go mbeidh rud éigin agam le scríobh.
Tuigeann an rí na cúrsaí seo agus sin é an fáth a bhfuilim ag labhairt go neamhbhalbh ina fhianaise. Táim cinnte de nach bhfuil aon chuid den ghnó seo ag imeacht gan fhios air mar ní i gclúid a tharla sé.
Tá an dá threibh déag againn ag adhradh go dúthrachtach de lá agus d'oíche le súil go mbainfimid amach an gealltanas sin. Is mar gheall ar an dóchas sin, a rí, atáimse do mo chiontú ag na Giúdaigh.