Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Gníomhartha 26:14

An Bíobla Naofa 1981

Thiteamar go léir chun talaimh agus chuala mé an guth á rá liom sa teanga Eabhra: ‘A Shóil, a Shóil, cad uime a bhfuil tú do mo ghéarleanúint? Goilleann sé ort a bheith ag speachaíl in aghaidh na mbrod.’

Féach an chaibidil Cóip

11 Tagairtí Cros  

Tugtar gean don léirthuiscint, ach is guaisiúil í slí na bhfeallairí.

“Féach! Déanfaidh mé corn meisciúil de Iarúsailéim i gcomhair náisiúin uile na comharsanachta; agus ní taise do Iúdá é nuair a chuirfear Iarúsailéim faoi léigear.

agus dúirt sé leis: “Rith leat agus abair leis an ógánach sin go gcaithfear Iarúsailéim a fhágáil gan bhallaí mar gheall ar oll-líon na ndaoine agus na mbeithíoch a bheidh inti.

Thug sé an cead dó agus sheas Pól ar na céimeanna agus d'fhógair ciúnas ar an slua le comhartha láimhe. Tháinig ciúnas domhain orthu agus labhair sé leo sa teanga Eabhra mar a leanas.

Nuair a chuala siad ag labhairt sa teanga Eabhra é, d'éirigh siad ní ba chiúine fós.

nuair a chonaic mé ar an mbóthar i lár an lae, a rí, solas ó neamh ba ghile ná an ghrian ag lonradh i mo thimpeall agus timpeall na bhfear a bhí le mo chois.

‘Cé thú féin, a thiarna?’ arsa mise. Agus dúirt an Tiarna: ‘Is mé Íosa atá agat á ghéarleanúint.

Na fir a bhí ag taisteal leis, rinneadh staic díobh: bhí an guth le cloisteáil acu ach gan duine le feiceáil.

An ag griogadh an Tiarna chun éada atáimid? Nó an amhlaidh is treise sinn ná é?




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí