Bhí Pól ar tí a bhéal a oscailt nuair a labhair Gaillión leis na Giúdaigh: “Dá mba éagóir éigin nó míghníomh coiriúil éigin a bhí i gceist agaibh, a Ghiúdacha,” ar seisean, “d'éistfinn libh mar ba chóir.
Ach nuair a cuireadh in iúl dom go bhfuil comhcheilg déanta ina choinne, sheol mé chugatsa gan mhoill é agus d'ordaigh mé dá chúiseoirí a ngearán faoi a dhéanamh i do láthairse.”
Dúirt mé leo nach é béas na Rómhánach é aon chúisí a thabhairt suas sula ndéanfaí a chúiseoirí a thabhairt os a chomhair agus caoi a bheith aige é féin a chosaint ar an gcúiseamh.
Tar éis dó gan thar a hocht nó a deich de laethanta a thabhairt ina measc, chuaigh sé síos go Céasaráia agus an lá dár gcionn shuigh sé ina shuí breithimh agus d'ordaigh Pól a thabhairt isteach.