Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Gníomhartha 25:18

An Bíobla Naofa 1981

Ach nuair a d'éirigh lucht a chúisithe níor chuir siad ina leith aon drochchoir dá raibh coinne agam leo.

Féach an chaibidil Cóip

5 Tagairtí Cros  

Dúirt Pioláit leo: “Tógaigí féin é, agus triailigí é de réir bhur ndlí féin.” Dúirt na Giúdaigh leis: “Ní dleathach dúinne aon duine a chur chun báis” -

Bhí Pól ar tí a bhéal a oscailt nuair a labhair Gaillión leis na Giúdaigh: “Dá mba éagóir éigin nó míghníomh coiriúil éigin a bhí i gceist agaibh, a Ghiúdacha,” ar seisean, “d'éistfinn libh mar ba chóir.

Tháinig siad anseo liom dá bhrí sin agus, gan aon mhoill a dhéanamh, shuigh mé fúm i mo shuí breithimh lá arna mhárach agus d'ordaigh mé an duine a thabhairt isteach.

Ní raibh acu ina choinne ach ceisteanna éigin a bhaineann lena gcreideamh féin agus le hÍosa éigin atá marbh ach a dúirt Pól atá beo.

“Agus,” ar seisean, “tagadh daoine údarásacha agaibh síos in éineacht liom agus má tá aon ní bunoscionn leis an duine, cúisídís é.”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí