Nuair a bhí an méid sin curtha i gcrích aige, shocraigh Pól ina aigne go dtabharfadh sé cúrsa na Macadóine agus Acháia agus go rachadh sé as sin go Iarúsailéim. “Tar éis dom dul go Iarúsailéim,” ar seisean, “ní mór dom an Róimh freisin a fheiceáil.”
An oíche dár gcionn sheas an Tiarna láimh leis agus dúirt: “Bíodh misneach agat. Faoi mar atá fianaise tugtha agat orm anseo in Iarúsailéim, ní mór duit fianaise a thabhairt ar an gcaoi chéanna sa Róimh freisin.”
Má táim san éagóir agus má tá aon ní déanta agam a thuillfeadh an bás, nílim ag iarraidh an bás a sheachaint. Ach mura bhfuil aon bhun leis na nithe atá siad a chur i mo leith, ní féidir le duine ar bith mé a thabhairt suas dóibh. Gairmim Céasar.”
Nuair a bhí roinnt laethanta curtha díobh acu, tháinig an rí Aigripe agus Beirnicé anuas go Céasaráia ag fáiltiú roimh Fhéastas agus thug siad mórán laethanta ann.
Ach is é a d'éiligh Pól go gcuirfí faoi choimeád é nó go bhféachfadh an t‑impire a chúis. D'ordaigh mé é a choinneáil i bpríosún go dtí go gcuirfínn ag triall ar Chéasar é.”
Nuair a bhí sé beartaithe go seolfaimis chun na hIodáile, thug siad suas Pól agus roinnt eile príosúnach do thaoiseach céad darbh ainm Iúilias, de dhíorma an impire.
Mar tá súil agus dóchas láidir agam nach gcuirfear aon náire ar aon chor orm ach le gach muinín anois mar ba ghnáth go nglóireofar Críost i mo chorp, cibé acu beatha nó bás atá i ndán dom.