Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Gníomhartha 25:11

An Bíobla Naofa 1981

Má táim san éagóir agus má tá aon ní déanta agam a thuillfeadh an bás, nílim ag iarraidh an bás a sheachaint. Ach mura bhfuil aon bhun leis na nithe atá siad a chur i mo leith, ní féidir le duine ar bith mé a thabhairt suas dóibh. Gairmim Céasar.”

Féach an chaibidil Cóip

17 Tagairtí Cros  

Ar ardaigh mé mo lámh in aghaidh an [neamhchiontaigh], Le barr muiníne as mo dhea-mheas ag an ngeata?

Ansin dúirt Irimia leis an rí Zidicíá: “Céard a rinne mise i d'aghaidhse, nó in aghaidh do sheirbhíseach, nó in aghaidh an phobail seo, as ar chuir tú i bpríosún mé?

Dúirt Pól leis na póilíní, áfach: “Rinne siad sinn a léasadh go poiblí gan aon triail a chur orainn agus sinn inár saoránaigh Rómhánacha. Ansin chaith siad isteach i bpríosún sinn. An dár gcur amach faoi cheilt atá siad anois? Ní dhéanfaidh siad go deimhin, ach tagaidís féin agus déanaidís sinn a chomóradh amach.”

Bhí Pól ar tí a bhéal a oscailt nuair a labhair Gaillión leis na Giúdaigh: “Dá mba éagóir éigin nó míghníomh coiriúil éigin a bhí i gceist agaibh, a Ghiúdacha,” ar seisean, “d'éistfinn libh mar ba chóir.

Ach nuair a bhí sé ceangailte leis na hiallacha acu, dúirt Pól leis an taoiseach céad a bhí ansiúd: “An bhfuil sé ceadaithe daoibhse saoránach Rómhánach a léasadh agus gan aon chúirt curtha air go fóill?”

Ach dúirt Pól: “Táim i mo sheasamh os comhair suí breithimh Chéasair. Is ansiúd is ceart cúirt a chur orm. Níl aon éagóir déanta ar na Giúdaigh agam mar is eol duit féin go maith.

Ansin, tar éis dó dul chun cainte lena chomhairle, d'fhreagair Féastas agus dúirt: “Ó ghairm tú Céasar, is go Céasar a rachaidh tú.”

Ach is é a d'éiligh Pól go gcuirfí faoi choimeád é nó go bhféachfadh an t‑impire a chúis. D'ordaigh mé é a choinneáil i bpríosún go dtí go gcuirfínn ag triall ar Chéasar é.”

Ach fuair mé féin nach raibh aon ní déanta aige a thuillfeadh an bás. Ach de bhrí gur ghairm sé féin an t‑impire, tá socair agam é a chur chuige.

Agus dúirt Aigripe le Féastas: “D'fhéadfaí an fear sin a scaoileadh saor mura mbeadh gur ghairm sé Céasar.”

Ach chuir na Giúdaigh ina gcoinne agus b'éigean domsa Céasar a ghairm, agus ní hé go raibh aon ní agam le cur i leith mo chine féin.

ón mbuíon chéanna a d'imir bás ar an Tiarna Íosa agus ar na fáithe agus a rinne géarleanúint orainne. Níl Dia buíoch díobh, áfach, agus is naimhde iad don chine daonna,

“Dia na ndéithe, an Tiarna, Dia na ndéithe, is maith atá a fhios ag an Tiarna, agus bíodh a fhios ag Iosrael chomh maith: má rinneamar ceannairc nó feall in aghaidh an Tiarna, ná déanadh sé anacal orainn inniu;

Rith sé le Dáiví: “Marófar mé lá breá éigin díobh seo le láimh Shóil. Ní fearr rud a dhéanfainn ná éalú liom go tír na bhFilistíneach; ansin, le barr drochmhisnigh, scoirfidh Sól den tóir orm ó cheann ceann Iosrael agus beidh mé slán uaidh.”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí