Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Gníomhartha 25:10

An Bíobla Naofa 1981

Ach dúirt Pól: “Táim i mo sheasamh os comhair suí breithimh Chéasair. Is ansiúd is ceart cúirt a chur orm. Níl aon éagóir déanta ar na Giúdaigh agam mar is eol duit féin go maith.

Féach an chaibidil Cóip

12 Tagairtí Cros  

mar bhí a fhios aige gur formad faoi deara é thabhairt ar láimh.

Ach le linn dó bheith ina shuí breithimh, chuir a bhean scéala chuige: “Scaoil tharat an fear cóir seo gan baint leis, óir ba mhór í m'fhulaingt i mbrionglóid inniu mar gheall air.”

Fuair mé amach gur mar gheall ar phointí áirithe dá ndlí féin a bhí siad á chúiseamh agus nach raibh aon ní ina choinne a thuillfeadh bás ná príosún.

Tháinig siad anseo liom dá bhrí sin agus, gan aon mhoill a dhéanamh, shuigh mé fúm i mo shuí breithimh lá arna mhárach agus d'ordaigh mé an duine a thabhairt isteach.

Ach fuair mé féin nach raibh aon ní déanta aige a thuillfeadh an bás. Ach de bhrí gur ghairm sé féin an t‑impire, tá socair agam é a chur chuige.

Tar éis dó gan thar a hocht nó a deich de laethanta a thabhairt ina measc, chuaigh sé síos go Céasaráia agus an lá dár gcionn shuigh sé ina shuí breithimh agus d'ordaigh Pól a thabhairt isteach.

agus ar dhul amach dóibh bhí siad ag caint le chéile, á rá: “Níl aon ní déanta ag an bhfear sin a thuillfeadh bás ná braighdeanas dó.”

Scrúdaigh siadsan mé agus nuair nach raibh aon chúis orm a thuillfeadh an bás, bheartaigh siad mé a scaoileadh saor.

Tá diúltaithe againn, áfach, do na nithe táire úd a dhéantar faoi choim. Ní ag cealgaireacht a thugaimidne ár saol ná ag camadh briathar Dé ach ag iarraidh dul i bhfeidhm ar gach coinsias daonna trí léirnochtadh na fírinne i bhfianaise Dé.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí